Sceilg na Scál

AuthorBiddy Jenkinson
PublisherCoiscéim
Publication Date
ISBN666012170265
Edition
Series
LanguageFranco-Irish Literary Festival 2019
Category
Click to enlarge
Aon chiliméadar déag ó thalamh atá an Sceilg, an charraig sceirdiúil mar ar thóg Fíonán naofa a mhainistir míle go leith bliain ó shin, nach mór. Tá na hiarsmaí cloch le feiceáil go fóill. Faightear iarracht de léargas iontu ar shaol na manach ach níl aon éalú ó thionchar na carraige seo ag duine ar bith a thugann cuairt uirthi is a leagann cos ar an gcosán agus ar na céimeanna a thabharfaidh aníos ón gcé é go clocháin chrochta na mainistreach féin. Cuid dílis de bhéaloideas na muintire í an Sceilg go deimhin agus tá cuimhne go fóill ar Liostaí na Sceilge ina ndéantaí scigmhagadh ghéar-róghéar, róghangaideach, b’fhéidir- faoi dhaoine nach mbeadh pósta faoi dheireadh na hInide ach a mbeadh aga sa bhreis acu dá dtabharfaidís an turas farraige orthu féin!
 
Braitear tionchar domhain na carraige úd ar an saothar is déanaí seo ó láimh Biddy Jenkinson, saothar fuinte ilchineálach a osclóidh súile creidmheach agus neamh-chreidmheach araon.
 
Thaitneodh saothar Biddy le Fíonan na Sceilge – b’fhéidir – ach is cinnte go dtaitneoidh a cuid le cailleach nite na léine!
Price
€10.00
  Quantity
 
Ecommerce Website Design Ireland International Books - 18 South Frederick Street, Dublin 2
Ph: +353 (0)1 679 9375 | Fax: +353 (0)1 679 9376 | Email: info@internationalbooks.ie
International books sell books in foreign languages