Súil Saoir

10.00

ISBN

978-1902420707

Language

Publisher

Author

Ní féidir ábaltacht ná ionracas ná misneach an fhile seo a shéanadh.

Moltóirí Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004

Is é Súil Saoir an chéad chnuasach filíochta ó pheann Dhiarmuid Johnson, scríbhneoir, iriseoir, ceoltóir agus fear léinn. Tugadh ard-mholadh don chnuasach seo i gcomórtas Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004.

Is leabhar faoi leith é Súil Saoir ar bhealaí go leor. Baineann an t-údar leas ann as smaointe na linne seo agus as éigse na seanaimsire araon, ionas gur ceangal idir an sean agus an nua atá sa saothar. Chomh maith leis sin, ceistnítear ann an dlúthbhaint atá idir teanga na Gaeilge agus gluaiseacht an náisiúnachais le fada anuas, agus cuireann an t-údar roimhe cíoradh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cinniúint an duine, agus leis an chaoi a dtéann idir thír, phobal, theanga agus dhúchas i bhfeidhm orainn go léir. Tá lorg na Gaeltachta go láidir ar an gcnuasach, agus lorg na hiasachta chomh maith.

Delivery in 2 - 5 working days when in stock. Allow up to 14 days for non-stock items.

Shopping Cart
Scroll to Top